Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Eachtra Phinocchio

Ó Iodáilis go Gaelainn

Dob é Carlo Lorenzini a scrígh Le Avventure di Pinocchio, fén ainm chleite 'Carlo Collodi', i mbliain a 1883. Chuir Pádraig Ó Buachalla i nGaelainn an scéal san sa mbliain a 1933 agus d'fhoíllsigh fén dteideal Eachtra Phinocchio. Níl aon dabht ach gur seod de chuid litríocht na Gaelainne é. Bhí riar teangacha ar a thoil ag an mBuachallach, an Iodáilis ina measc, agus is díreach ó leagan Lorenzini a shaotharaigh sé an leagan so, a chuireann Gaelainn bhlasta Mhúsgraí Uí Fhloínn ar fáil don léitheoir. Cainteoir bínn, cruínn, cumasach dúchais ab ea an Buachallach, agus is aige a bhí foclóir fairseag.

B'as Cúil a' Mhothair, baile fearainn i mBaile Mhúirne, do Phádraig. Tar éis báis a athar, d'imi' sé leis go San Fransisco, mar a d'fhoghlaim sé Iodáilis, Faincis agus Spáinis, agus rith leis slí bheatha a bhaint as múineadh na dteangacha san. Tímpeall bliain a 1930, d'fhíll sé ar a' bhfód dúchais agus chrom ar Eachtra Phinocchio do scrí.

Do dineadh roinnt claochlaithe sa tarna leagan, a foíllsíodh i mbliain a 1936. Tá roinnt claochlaithe eile, de chuid an Bhuachallaigh féinig, curtha ar fáil sa leagan comórtha 70 bliain seo den leabhar, agus is í seo an chéad uair riamh i gcló iad.

Agus an leagan so á réiteach againn, tugadh litriú an téacsa cothrom le dáta, ach ar slí a léiríonn meas ar Ghaelainn an údair agus an phobail lenar bhain sé. Dá thoradh san, más saibhir, blasta, Músgraíoch é an scéal, is féidir le éinne a bhfuil Gaelainn cuíosach maith acu tainneamh do bhaint as.

Ní foláir tagairt do dhéanamh do léaráidí gleoite Roberto Inoccenti, leis. Is muar an draíocht is an breáthacht a chuireann siad leis an scéal.

Caibdeal 1

Seo dhoit blaiseadh den scéal. Tá gluais ar fáil i mbun a' leathanaigh.

Conas mar a ráinig go bhfuair Silín Ceárdaí smután adhmaid a ghoileadh agus a gháireadh mar a dhéanfadh leanbh.

Bhí ann tráth... a déarfaidh na léitheoirí beaga láithreach. Níorbh ea, a leanaí, tá dearúd oraibh. Smután adhmaid a bhí ann. Níor smután d'adhmad dhílis féin é ach smután connaidh - ceann de na smutáin a cuirtear sa teallach chun na tine a dheargadh agus chun na dtithe a thé. Ní fheadar sa cheart conas mar a thit sé amach, ach seo mar a bhí an scéal ag an smután adhmaid. Do ráinig do 'bheith i gceártain siúinéara gurbh ainm do Antonio Ceárdaí. Silín Ceárdaí a tugtaí air, mar bhí dath cróndearg ar a chaíncín mar a bhíonn ar shilín aibidh. An túisce a chonaic Silín Ceárdaí an smután adhmaid do léim a chroí le háthas, is do chrom sé ar 'bheith ag cimilt a bhas dá chéile. Sea, ar seisean leis féin, agus é ag meilth na cainnte, is maith an t-am 'nar ráinig don smután adhmaid seo 'bheith agam. Bainfead tarrac as chun cos búird a dhéanamh de. Chomh luath is do bhí an méid sin ráite aige, siúd chun na hoibre é. Rug sé láithreach ar an dtuaigh a bhí faobhraithe go maith chun tosnú ar an gcoirt a bhaint den smután agus chun cos an bhúird a shíneadh amach. Le linn a lámh a bheith árdaithe chun an chéad bhuille a bhualadh d'airigh sé guth ana-chaol a' rá i n-achainí chruaidh, Ná buail chomh trom san me! Tuigfidh sibh féin conas mar a bhí an scéal ag Silín Ceárdaí nuair a airigh sé an guth. Do leog sé an tua chun tailimh gan an buille a bhualadh. Do tháinig sceon 'na dhá shúil, is d'fhéach sé mórdtimpall an tínteáin a d'iarraidh a dhéanamh amach cad as go dtáinig an guth beag caol san. Ní fheacaigh sé duine ar bith. D'fhéach sé fén bhfuarma, is ní fheacaigh sé éinne. D'fhéach sé isteach san alamóir a bhíodh dúnta de ghnáth, is ní raibh daonna ann. D'fhéach sé isteach sa chliabh go mbíodh na séibhíní agus bran an tsáidh ann; is ní fheacaigh sé neach. D'oscail doras na ceártan bige chun súilfhéachaint a thabhairt ar an sráid; is ní fheacaigh sé samhail. Sea, ar seisean agus é ag gáirí leis féin agus ag rith a mhéireanna trína pheiribhic. Tuigim anois é. Is fuiriste a thuiscint gurbh amhlaidh a shamhlaíos an glóirín caol.

Do thóg sé an tua 'na láimh arís is do bhuail sé buille teann ar an smután.

Och ón! Dia lem anam! arsan guth beag caol. Táim millthe agat!

Ar chloisint an méid sin do Shilín Ceárdaí do cheangail sé den talamh. Bhí a dhá shúil ag imeacht as a cheann le hanaithe, is bhí a bhéal ar leathadh le scannradh. Chomh luath is tháinig a chainnt do duairt sé agus snagadh 'na ghlór agus é ag crith le heagla:

Cad as go dtáinig an glóirín úd a duairt 'Och ón'? Go fírinneach níl duine ar bith anso. Arbh fhéidir go mbeadh sé foghlamtha ag an smután so conas gol agus blaidhreach a dhéanamh mar a dhéanfadh leanbh? Ní fhéadfainn a chreidiúint go bhféadfadh san 'bheith amhlaidh. An smután san, féach ansan air. Níl ann ach smután connaidh, smután ná fuil aon tairfe eile ann ach é 'chur sa tine. Is maith a bheireodh sé corcán praisce. Ní fheadar an amhlaidh a bheadh éinne i bhfolach ann? Má tá éinne i bhfolach ann is do is measa é!

Agus é ag cainnt ar an gcuma san do rug sé ar an smután adhmaid lena dhá láimh is chrom sé ar 'bheith á bhualadh go neamhchlé i gcoinnibh fallaí an tseomra. Ansan chuir sé cluas air féin féachaint an aireodh sé an glór thar n-ais.

Bhí sé ag éisteacht ar feadh scaithimh agus níor airigh sé drud.

Tuigim anois, ar seisean, agus é ag rith a mhéireanna trína pheiribhic, is é a d'iarraidh 'bheith ag gáirí, gurab amhlaidh a duart féin 'Och ón', nó gur shamhlaíos im aigne é! Tugaimís fén obair arís! Toisc go raibh eagla fós air bhí sé ag mionchrónán amhráin chun breis mhisnigh a chur air féin.

Bhí an tua curtha i leataoibh aige is do rug sé ar an bplána chun an smutáin a cheartú agus a shlachtú. Nuair a bhí sé ag leogaint an phlána air, d'airigh sé an glóirín céanna arís, agus é ag gáirí, á rá leis:

Cuir uait! Ná bí 'om ghigilt!

Ar aireachtaint an méid sin do Shilín Ceárdaí thit sé i gceann a chos mar a bhuailfeadh an chaor é. Nuair a tháinig sé chuige féin do ráinig do 'bheith 'na shuí ar an úrlár. Do shamhlófá go raibh athrach crutha tagaithe ar a ghnúis; agus le neart scannradh bhí dath gorm tagaithe air— is fiú ar a chaíncín go mbíodh dath cróndearg i ngeall leis i gcónaí air.

Gluais

Caibdeal 1

smután
a piece
adhmad dílis
proper wood, wood with a straight grain
connadh
firewood
teallach
fireplace
a thé
to warm
ceárta; i gceártain; doras na ceártan
a workshop, a forge; in a workshop/forge, the door of the workshop/forge
silín
cherry
cróndearg
dark red
caíncín
nose
ag meilth na cainnte
speaking indistinctly, mumbling
bainfead tarrac as
I will use it
an tua; ar an dtuaigh; ceann na tua
the axe; on the axe; head of the axe
guth ana-chaol
a very thin (high-pitched) voice
i n-achainí chruaidh
urgently pleading
leog
let (= lig)
bran an tsáidh
sawdust (= mionrabh)
gol agus blaidhreach
crying and bawling
go neamhchlé (pron. nea'chlé)
vigorously (not using the left hand, therefore using the right, and thus with greater vigour!)
'om ghigilt
tickling me
an chaor; ina chaor
lightning bolt, fireball; aglow