Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Gramadóir Ghaelainn Mhúsgraí

Cuireadh na rialacha seo a leanas i dtoll a chéile de réir samplaí a fuarthas ó dhea-chainteóirí Mhúsgraí Uí Fhloínn nú i gcorpas a' tseanachas agus na litríochta. Táid siad curtha ar fáil anso do lucht foghlama Ghaelainn Mhúsgraí agus do chanúneólaithe go bhfuil suím acu i nGaelainn na háite. Bheadh cuid mhaith acu ceart i nGaelainn dúthaí eile i gCúige Mumhan leis.

Nodaireacht

  • x ⇒ y = ímplíonn x y
  • x > y = déanann x y
  • x < y = déanann y x
  • recte = le ceart
  • .i. = 'sé sin
  • Séimhiú, urú, t— agus h ar ainmfhocal

    1. mo, do, a ('his') + séimhiú ar chonsan
      m.sh. mo mhála, do mhála, a mhála;
      a ('her') + loime .i. consan lom
      m.sh. a mála ('her bag');
      a ('her') + h ar ghuta
      m.sh. a athair ('his father'), a hathair ('her father');
      ár, bhur (úr, len úr, ón úr etc. a deirtar — litriú athá tabhartha i bhfoclóir Uí Dhónaill), a ('their') + urú
      m.sh. ár bhfoireann, bhur gceachtanna (úr gceachtanna), a ngaoltha ('their relations');
      m', t' in áit mo, do roimh ghuta nú fh + guta
      m.sh. m'áit féin, t'fhocal;
      uaireanta mh', th in áit mo, do roimh ghuta nú fh + guta
      m.sh. mh'athair, th'anam 'on diabhal;

    An réamhfhocal

    1. réamhfhocal + an ⇒ urú de ghnáth
      m.sh. ar an mbóthar, fén mbord, ón gcathair;
      den, don + séimhiú urú sa, insa (< ins an) + séimhiú
      m.sh. don bhó don m, sa bhanc, insa gheimhreadh;
      san, insan roimh ghuta
      m.sh. san áit, san oifig, insan uaigh;
      sa, insa + urú ar f
      m.sh. sa bhfómhar, insa bhfraoch;
      uaireanta sa + urú ar bl, br, gl, gr caol
      m.sh. sa mbliainsa bhliain, sa mbreissa bhreis, sa ngleannsa ghleann, sa nGréigsa Ghréig;
    2. réamhfhocal + na ⇒ consan lom nú h roimh ghuta
      m.sh. ar na capaill, leis na fir, as na háiteanna;
    3. ní bhíonn séimhiú ar d, t, tar éis sa
      m.sh. sa doras, sa tigh;
    4. séimhiú i ndiaidh na réamhfhocal simplí de, do, , mar, ó, roime, trí, um (uime)
      m.sh. fé thalamh, ó Chorcaigh, trí pháirc etc;
      séimhiú, nuair is tagairt do rod éigint cinte athá á déanamh, i ndiaidh ar, thar
      m.sh. ar bhord ('on a table') ach ar bord ('on board (ship)'), ar théip ('on a (particular) tape') ach ar téip ('on tape'), ar chnoc ('on a (particular) hill') ach ar cnoc ('hillside'), thar chlaí ('over a (particular) ditch') ach thar claí ('over the ditch' in a general sense);
    5. ag, as (nú a), go, le + consan lom ar ainmfhocal
      m.sh. ag Seán, le peann, a príosún (= as príosún);
    6. le, go, as (nú a) + h ar ghuta ainmfhocail
      m.sh. le huirlis, go háit, a hÉirinn (= as Éirinn).
    7. i + urú ar chonsan
      m.sh. i gCorcaigh, i mBaile Mhúirne;
      in roime ghuta
      m.sh. in áit, in Éirinn;
    8. d' in áit de, do roime ghuta, agus roime fh + guta
      m.sh. d'áit, d'Éirinn, d'fhonn;
      uaireanta airítear do roim ghuta
      m.sh. do ál, do abairt;

    An t-alth

    1. an + consan lom ar ainmfhocal firinscneach
      (ach amháin i gcás (2) thuas, agus sa tuiseal ginideach)
      m.sh. an ceann, an fear;
    2. an + séimhiú ar ainmfhocal baininscneach
      (ach amháin i gcás (2) thuas, agus (21) thíos)
      m.sh. an bhean, an fhadhb;
    3. an + t- ar ainmfhocal firinscneach a thosnaíonn ar ghuta
      m.sh. an t-athair, an t-amhrán;
      imíonn an t-, nuair a bhíonn réamhfhocal roim an agus sa tuiseal ginideach
      m.sh. ag an athair, bróga an athar, focail an amhráin;
    4. an + t ar ainmfhocal baininscneach a thosnaíonn ar s
      m.sh. an tseachtain, an tslí;
    5. an + t ar ainmfhocal firinscneach a thosnaíonn ar s sa tuiseal ginideach
      m.sh. doras an tséipéil, tigh an tsagairt;
    6. an t-alt na + consan lom, agus + h roimh ghuta (ach amháin sa ghinideach iolra)
      cf. (3)
      m.sh. t'réis na báistí, timpeall na háite, na fir, na m, na huaisle;
    7. urú tar éis na ar ainmfhocal sa ghinideach iolra
      m.sh. luach na dtithe, Cumann na bhFeirmeoirí, cearta na mban;

    An t-ainmfhocal, an aidiacht

    1. séimhiú ar ainmfhocal dílis (ainm duine, áite 7rl...) sa tuiseal ghinideach
      m.sh. cathracha Shasana, tigh Sheáin;
    2. bíonn séimhiú i ndiaidh na bhfocal aon, céad (= 'first')
      m.sh. aon mhaith, an chéad bhliain (féach (21));
    3. orduimhreacha (ach amháin céad) + loime .i. consan lom, h roimh ghuta
      m.sh. an tríú bliain, an seachtú fear, an tarna huair, an naoú haois;
    4. bíonn séimhiú ar an tarna páirt de chomhfhocal
      m.sh. seanabhean, fodhuine, drochshaol;
    5. má thagann dhá litir acu seo D,N,T,L,S le chéile bíonn cosc ar shéimhiú i gcomhfhocal, agus tar éis aon, céad, an, (den, don)
      m.sh. ndeimhnitheach, aon duine, an daoirse (bain.), an tine (bain.), an chéad taoiseach;
    6. ní choisceann dhá litir acu seo D,N,T,L,S a theacht le chéile séimhiú ar aidiacht de ghnáth
      m.sh. áit dhorcha, bean dheas, ach leanann Bean Dubh an Ghleanna, Eibhlín Dubh Ní Chonaill an tseana-ghramadach;
      uaireanta coisceann ar ainmfhocal (ach amháin ainm) sa tuiseal ginideach
      m.sh. áit dúchais;

    An aidiacht

    1. ainmfhocal firinscneach sa tuiseal ainmneach + consan lom ar aidiacht nú ar ainmfhocal sa ghinideach a leanfaidh é
      m.sh. fear maith, capall bán;
      uaireanta bíonn séimhiú ar aidiacht a ghabhann le hainmfhocal firisncneach sa tuiseal tabharthach
      m.sh. fén gcrann mhuar (AÓL);
    2. ainmfhocal baininscneach + séimhiú ar aidiacht nú ar ainmfhocal sa ghinideach a leanfaidh é
      m.sh. bean mhaith, láir bhán, áit mhór (tuiseal ainmneach + tuiseal tabharthach);
    3. uimhir iolra na haidiachta, 0X
      m. sh. fir mhóra, ba bána, daoine aite, capaill láidre;
      fo-huair ní bhacann cainteoirí dúchais leis an riail seo
      m.sh.talúintí íseal (AÓL);
    4. séimhiú ar aidiacht i ndiaidh ainmfhocail san uimhir iolra a chríochnaíonn ar chonsan
      m.sh. capaill mhóra, craínn ghlasa, loingeas mhaithe, láidre (Aodh Ruadh, PUaL);
      consan lom ar aidiacht i ndiaidh ainmfhocail san uimhir iolra a chríochnaíonn ar ghuta
      m.sh. buachaillí dána, cailíní breátha;

    Uimhreacha

    1. dhá + séimhiú + uimhir uatha de ghnáth
      m.sh. dhá cheann, dhá chapall;
      amháin a deirtear tar éis an, aon, céad
      m.sh. an dá cheann, aon dá uimhir;
      bíonn séimhiú ar aidiacht agus í san uimhir iolra ina dhiaidh
      m.sh.dhá cheann mhóra, dhá chapall bhána;
      is gnáthaí gurb í foirm an tuisil thabharthaigh d'ainmfhocal baininscneach a bhíonn i ndiaidh dhá
      m.sh. dhá bhróig, dhá chois, dhá láimh;
    2. trí, cheithre, chúig, + séimhiú + uimhir uatha, + consan lom + uimhir iolra
      m.sh. trí bhótrí ba;
      más í an uimhir iolra a úsáidtear, h roim ghuta i ndiaidh trí, cheithre,
      m.sh. trí huaire, cheithre háiteanna, huibhe;
      ní bhíonn h ina ndiaidh más í an uimhir uatha a bhíonn ann
      m.sh. trí áit, cheithre uimhir;
      is féidir séimhiú a chur ar ainmfhocal san uimhir iolra i ndiaidh chúig
      m.sh. chúig phaidreacha;
    3. ceadaítear gach ceann do sna rialacha so
      • seacht, ocht, naoi, deich + urú + uimhir uatha
        m.sh. seacht m, ocht m, naoi m, deich m;
      • seacht, ocht, naoi, deich + urú + uimhir iolra
        m.sh. seacht mba, ocht mba, naoi mba, deich mba;
      • seacht, ocht, deich + séimhiú san uimhir uatha
        m.sh. seacht bhó, ocht bhó, deich bhó;
      • seacht, ocht, deich + consan lom san uimhir iolra
        m.sh. seacht ba, ocht ba, deich ba;
    4. uimhreacha pearsanta + ginideach (iolra de ghnáth)
      séimhiú i ndiaidh beirt, an bheirt
      m.sh. beirt bhan, an bheirt bhan, beirt bhuachaillí, an bheirt bhuachaillí;
      consan lom i ndiaidh na n‑uimhreacha eile
      m.sh. triúr fear, ceathrar feirmeoirí;
      leanann an tuiseal ainmneach uatha iad fo-huair
      m.sh. 0X;
      an an fhoirm den alt a úsáidtear leis na huimhreacha pearsanta
      m.sh. an triúr táiliúirí, an muarsheisear cailíní;

    An briathar

    1. ní bhíonn séimhiú (gan chúis) ar bhriathar san aimsir láithreach ná san aimsir fháistineach
      m.sh. caitheann sé, caithfidh sé (ach ní chaitheann sé, ní chaithfidh sé);
    2. bíonn séimhiú de ghnáth ar bhriathar san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach
      m.sh. chaith sé, chaitheadh sé, chaithfeadh sé;
    3. bíonn d' roimh ghuta agus roimh f ar bhriathar neamhspleách san aimsir chaite, san aimsir ghnáthchaite, agus sa mhodh coinníollach
      m.sh. d'ól sé, d'itheadh sé, d'imeodh sé, d'fhreagair sé, d'fhill sé;
    4. a + séimhiú ar bhriathar (coibhneas díreach)
      m.sh. an fear a thagann;
      + séimhiú ar bhriathar
      m.sh. ní chaitheann sé;
      + séimhiú ar bhriathar
      m.sh. má thagann sí;
    5. a + séimhiú ar ainm briathartha
      m.sh. obair a dhéanamh;
    6. bhíonn séimhiú de ghnáth ar bhriathar saor, aimsir chaite
      m.sh. caitheadh cloch, briseadh finneóg, níor díoladh as;
      eisceachtaí iad roinnt bhriathra neamhrialta, áfaigh
      m.sh. 0X;
      cuirtear séimhiú ar bhriathar saor, aimsir chaite, fo-huair
      m.sh. do phósadh iad;
    7. coibhneas díreach (aimsir chaite, ghnáth-laithreach, fháisteanach): a + séimhiú
      m.sh. an obair a dhein sé, an fear a thagann, an tigh a thógfaidh sé;
    8. coibhneas indíreach (aimsir ghnáth-laithreach, fháisteanach): go + urú 'na + urú
      m.sh. an fear go dtagann Mícheál chuige an fear 'na dtagann Mícheál chuige,
      an t‑airgead go dtógfaidh sé an tigh leis an t‑airgead 'na dtógfaidh sé an tigh leis (an t‑airgead lena dtógfaidh sé an tigh);
      coibhneas indíreach (aimsir chaite): gur + séimhiú
      m.sh. an t‑arm gur dhein sé an obair leis (an t‑arm lenar dhein sé an obair);
    9. gur, níor, nár, ar + séimhiú san aimsir chaite amháin
      go, , nách, an + urú sna haimsirí eile
      m.sh. níor chaith sé pingin fós, chaitheadh sé puínn airgid an uair sin, chaithfeadh sé pingin dá mbeadh sé ag fáil bháis leis an ocras;
    10. + loime (consan lom, h roim ghuta) ar bhriathar
      m.sh. tagann sé, hólann sé;
      nách < is (ainmfhocal, aidiacht, forainm, nú réamhfhocal a leanfaidh é) + consan lom
      m.sh. deir sé nách gadaí é, nách deas an áit é?;
    11. an, go, , mara, , agus sara + urú ar bhriathar
      m.sh. an dtéann tú?, go mbriseann sé, mbíonn sí?;
    12. ní féidir na forainmneacha pearsanta me, tu, é, í, sinn, sibh, iad a úsáid i ndiaidh ainm bhriathartha
      m.sh. ag bualadh é, ag oscailth í, ag déanamh é;
      ní foláir é a rá mar seo: 'om bhualadh (nú 'om bualadh), 'od bhualadh, (d)á bhualadh, (d)á bualadh, (d)ár mbualadh, bhur mbualadh (nú 'úr mbualadh), á mbualadh;

    An tuiseal ginideach

    1. in áit dhá ghinideach a bheith i ndiaidh a chéile nuair is ainmfhocal cinnte (anna roimhe, ainm duine nú áite) an dara focal, is gnáth go gcuirtear séimhiú ar an gcéad ainmfhocal agus fágtar sa tuiseal ainmneach é
      m.sh. saol mhuintir na háite, sráideanna chathair Chorcaí, athair bhanríon na Gréige;
    2. lagiolra ag ainmfhocal gur
      • foirm an ainmnigh uatha ach caolú ina dheireadh a bhíonn mar iolra aige
        m.sh. an capall > na capaill, an coinníol > na coinníl;
      • foirm an ainmnigh uatha + —a
        m.sh. bróg > na bróga, séad > na séada;
      is ionann foirm don ghinideach iolra ag ainmfhocal den tsaghas seo agus don ainmneach uatha
      m.sh. ag tiomáint (na g)capall, ag ceannach (na m)bróg;
      na hiolraí ar —n caol sa chúigiú díochlaonadh is lagiolraí iad san, leis
      m.sh. na comharsain, arúr na gcomharsan;
      tréaniolra aon fhoirm eile: —ta, —í, —(e)anna, —(e)acha, —tha 7rl...
      is ionann foirm do na focail seo san ainmneach iolra agus sa ghinideach iolra
      m.sh. na háiteanna, a lán áiteanna, na habairtí, ag cumadh na n-abairtí, na tíortha, rialtaisí na dtíortha saibhre;
    3. cuid, roinnt, go leor, a lán, mórán, a dhóthain 7rl + tuiseal ginideach uatha nú iolra d'ainmfhocal neamhchinnte
      m.sh. roinnt ime, mo chuid airgid, 0X;
      den, de sna + ainmfhocal cinnte 0X
      m.sh. cuid de sna daoine, a lán den airgead;
    4. ainm briathartha + tuiseal ginideach
      m.sh. ag lé an leabhair, ag déanamh na hoibre;
    5. réamhfhocal comhshuite + tuiseal ginideach
      m.sh. tar éis na hoibre, os cionn an dorais;
    6. chun, timpeall, treasna + tuiseal ginideach
      m.sh. chun na háite, timpeall na páirce, trasna an bhóthair;

    Nithe fánacha

    1. ní bhaineann múnlaí ar nós tá sé fear leis an nGaelainn
      deirtear is fear é, fear is ea étá sé ina fhear;
    2. cúpla + uimhir uatha + consan lom
      m.sh. cúpla duine, cúpla púnt, cúpla ceann, cúpla mála;
    3. téann tú isteach, tagann tú isteach, bíonn tú istigh
      téann tú amach, tagann tú amach, bíonn tú amuigh
    1. téann tú síos, bíonn tú thíos, tagann tú aníos (= 'up from below')
      téann tú suas, bíonn tú thuas, tagann tú anuas (= 'down from above')
      téann tú siar, bíonn tú thiar, tagann tú aniar (= 'from the west')
      téann tú soir, bíonn tú thoir, tagann tú anoir (= 'from the east')
      téann tú ó thuaidh, bíonn tú thuaidh, tagann tú aduaidh (= 'from the north')
      téann tú ó dheas, bíonn tú theas, tagann tú aneas (= 'from the south')