Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Seanachas Mhúsgraí Uí Fhloínn

Stair agus léann pobail

Eón Rua

Tógtha síos ó Mháire Ní Chéileachair, Gleann, Doirín Álainn, c.1980. Óna hathair féinig agus ó chainteóirí eile 'n bhaíll a fuair sise é, is í a' dul ar scoil.

  1. Bhí Eón Rua ag obair do fheirmeóir lá. Chuir an feirmeóir amach é a' scaipe síl lena láimh. Seo mar a duairt sé agus é a' scaipe:

    A haon, gan séan ort mar iomaire ghuirt,
    Is an tarna haon go léir nár thagair go tiubh,
    An tríú haon, léan agus scaipe ar a shliocht,
    Is an ceathrú haon, an chaor go leagaig a thig.

  2. Bhí Eón Rua istig i dtig lá. Tháinig bacach isteach agus shuig sé síos os cóir na tine. I gciúnn tamaill duairt sé le hEón dul amach i gcóir ciseáin mhóna. Nuair a bhí sé a' teacht isteach duairt an bacach: Tá an file mar asal a' tarrac na móna chúinn. D'fhreagair Eón, agus duairt: Chun luirgne 'n bhacaig a bhreaca 'sea ceapag an mhóin ar dtúis.
  3. Bhí Eón ag siúinéireacht lá, agus ghoibh beirt shagart chuige. Duairt an sagart óg leis a' sagart p'róiste go gcuirfeadh sé speic ar Eón. B'fhearra dhoit gan é bhac, ars' an sagart p'róiste. Be' sé ró-mhaith dhoit ar ao' chuma.

    Siúinéir ag obair go mall
    Is poc aige thall 's abhus

    ar seisean le hEón.

    Sagart agus Laidean 'na cheann
    Is a bholg go teann le puins

    arsa Eón. Bhí fiach-dubh istig sa pháirc is é ag screadaig. Cad 'tá á rá ag a' bhfiach-dubh? ars' an sagart óg le hEón. Duairt Eón:

    Nuair a thiocfaig an míol muar ar a' moing
    Is an Fhrainnc ar Shliabh Mis,
    Nuair a chaillfig na sagairt an tsainnt
    Neósad doit cainnt an fhiach-duibh.

  4. Bhí Eón Rua ar stáisiún lá. Shuig sé ar charn móna a bhí ag bun a' tí. Canathaobh ná téann tú ar do ghlúinibh, a bhacaig? arsa an sagart p'róiste leis. D'fhreagair Eón agus duairt sé:

    Ní hé an t-ainnise ba mheasa liom ná bheith thíos go deó,
    Ach an tarcaisne do leanann í thar meón,
    Má tá an tAthair-Mhac mar an Eaglais níl brí 'nár ngnó,
    Is ní fearra dhúinn an tAifreann ná suí ar an móin.

  5. Bhí Eón ar stáisiún eile lá, agus labhair an sagart p'róiste agus duairt sé A' bhfuil Eón a' Mhéirín anso? Níl, arsa Eón á fhreagairt, ach Eón a' bhéil bhínn. ' Bhfuil na hathanta agat chó maith? ars' an sagart. Tá, arsa Eón:

    An chéad aithne dhíobh is fíor go n-oireann don chléir:
    Sara suíd chun búird ar chíos na hEagailse glaeid,
    Ar bhainise bíd ag ól fíona is leanna go craos,
    Is ní bhíonn acu suím i ndaoine ainnise 'n tsaeil.

Ranna

Do Ghoibh mo Chat-sa

Do ghoibh mo chat-sa go tigh chat Gharsail
is do ghoibh cat Gharsail ar mo chat-sa.
Cár chóra dom chat-sa gabháil ar chat Gharsail
ná do chat Gharsail gabháil ar mo chat-sa?

Do Leag Cearc Uisce

Do leag cearc uisce pic uisce le cor coise cois coise na teórann.

An t-é a Thabharfadh Gal Dom

An t-é a thabharfadh gal dom, is gal aige, is gan aon ghal agam,
do thabharfainn gal do, is gal agam, is gan aon ghal aige,
ach an té ná tabharfadh gal dom, is gal aige, is gan aon ghal agam,
ní thabharfainn gal do, is gal agam, is gan aon ghal aige.

A Chailín Álainn

A chailín álainn bhláthmhar shocair,
tá lúb ar lár i sáil do stoca.
Téir-se láithreach 's din é ' stopadh
nú gheo' tú náire i lár a' phobail

D' Imigh mo Chúl

D'imigh mo chúl a bhí go deas.
D'imigh an blas a bhí i m' phóig.
D'imigh mo lua agus mo neart,
is dhineas mo mhún i m'bhróig.

Seana-bhean Chríonna

Seana-bhean chríonna de chlaínn Labhráis,
Tháini' sí a' rínnce go dtí 'n Guagán.
Thit sí de charraig is caitheadh le splaínnc í
Is dineadh di císte thíos ar a' múinteán.

Seanfhocail

Sláinte

Aimsir

Daoine

Éagsúil

Na Trí hIúntaisí is Mó

Na trí hiúntaisí is mó don t-é a leogathar go Flaithis Dé:

Mallacht an Chlutharacháin
A fhir a' chapaill ghlais

Canúinní

A' caitheamh t'ruslóg
A' gearradh súntais
A' cuir an donais ar déanaí
A' cuir moíll ar chúrsai chun tuilleadh ama d'fháil, chun rod éigint a chuir i gcrí, is é déanach chana
Ba lag liom é
Ní bheadh muarán meas agam air
Sa mhodh choinníolach amháin a húsáidtear é seo; ná habartha 'is lag orm é', mar shampala
Ba leasg liom...
Bheadh drogall orm...
Sa mhodh choinníolach amháin a húsáidtear é seo leis; ná habartha 'is leasc orm é'
Clagar na gcos
Báisteach athá chomh trom san, tá 'bratacha' nú 'sraitheanna' le fiscint inti
Glas / a' dul i nglaiseacht
Fuar / a' dul i bhfuaireacht
(Go) neamh-chlé
Go láidir, gan srian
(Go) neambalabh
Go soiléar
Maidir le rod ráite a déarfaí seo
Is ait liom / dob' ait liom
Is aisteach liom / b'aisteach liom
Is beag orm é
Níl muarán meas agam ar é
San aimsir láithreach amháin a húsáidtear é seo; ní déarfaí 'ba bheag orm é'
Plúr
Den chéad scoth
Plúr na Gaelainne, plúr na bhfear 7rl...
Sméar mullaigh
An ceann is fearr
Tine ' mhad'a ruaidh
Tine nách lasann i gceart, is ná fuil uaithi ach deatach; (tine an mhadara ruaidh)
Titim i bhfanntais
Titim gan urlabhartha, gan aithne
Maidir le duine a déarfaí é seo
Titim i gclab a chéile
Titim as seasamh
D'fhéadfaí é seo a rá maidir le duine, ainmhí, foirgneamh nú aon rod
Uair má seach
uaireanta, ó am go ham
> 'uair um a seach' (bheadh an bun-leagan so mí-nádúrtha sa chainnt, áfaigh)