Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

Turacail Pheige Bhreátha

Údar
Pead Buí Ó Loingsigh
Baochas leis
An Músgraíoch

Ceólthóir agus file do b' ea Pead Buí. Sheinnfeadh sé an Phíop agus bhíodh sé le fiscint a' seinnt ag aon chibeal a thuitfeadh amach as so go Cíll Garbháin. Bhí sé de nós aige amhrán mhagúil a scríobh i dtaobh aon eachtra a tharlíodh. Do chúm sé an t-amhrán so thíos mar gheall ar thuracail Thadhg Bhric, duine de mhuintir Ríordáin a bhí thiar ar theórainn na cúntae. Bhí an turacail amu' aige agus do scaoil duine éigint le fánaigh í. Os rud e go bhfuil an áit ana-ard, do deineadh díobhail don dturacail agus do briseadh leath-luí na turacaileach agus bhí Tadhg ar buile. Peig Bhreá a tugtaí ar bhean Thadhg Bhric. Ó Bhaile Mhúirne a b' ea í.

Maidean dom go deigh-mhoch ag éirí as mo leabaidh dom
Bhí Maidhc in' engine driver is Tadhg istigh sa t-seana-chairt.
Bhí fíon is puins dá roinnt ann a' déanamh a' mhargaidh
Is an t-óg bhean ní bhfaighfeadh sé gan díol aisti le h-airgead
Is turacail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí?

Nuair a tháinig Tadhg i láthair is ceann a' charra cnagaithe
'Sé Maidhc a thuit i bhfanntais le scabhradh is le h-anaithe.
'Sé dúirt an cailín óg leis go dtógfadh sí thar fearaibh é,
Go ndéanfadh buachaill córach de 's go ramharódh sí sa leabaidh é,
Is turacail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí?

Is a Aindí gheóir-se Joan uaim is cóir mhaith chun leapan leí,
An chuilt athá sa tseómra is gach órlach di tá breacaithe.
Seinntear suas an ceól dóibh 's beidh cothalan muar fada 'gainn,
'S beidh traein a' gabháil a' bhóthair chun ár ndóthain bídh do tharrac chughainn,
Is turacail Pheige Bhreátha, nach álainn mar a chnagann sí?

'Sé Madhaic sin Dhínail Ghruama do riug an bua thar fearaibh leis,
'S nach ait an spré do fuair sé le mnaoi uasal - a tseana-chairt!
Beidh ann dinnéir ag uaislibh thuas i mbarra 'n bhaile acu,
'Sé Kingston ' chaithfaidh gluaiseacht is a leabhar aige ar bhaclainn
Is turacail Pheige Bhreátha tair láithreach agus ceartuigh í.

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr