Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

An Capaillín Bán

Údar
Seóirse Seartan
Baochas leis
An Músgraíoch

Rugadh Seóirse i mBéal Átha 'n Ghaorthaidh os cionn céad bliain ó shin. Is sa Mainistir Thuaidh i gCorcaigh a fuair sé a chuid meán-scolaíochta. D' imigh sé as san go Sasana mar a chuir sé fé i Learpholl.

Is amhlaidh a fuair sé litir óna athair ag innsint do gur cailleadh an láir a bhí acu sabhaile agus thug sé fé an t-amhrán so thíos a chumadh in omós di.

Chuir sé cóip de tharnais abhaile agus thaispeáin a athair do Thadhg Ó Scanaill a bhí ina mhúinteóir san áit ag an am é. Thug sé siúd an t-amhrán do Thorna, a bhí ina ollamh san Ollascoil i gCorcaigh agus 'bé deireadh an scéil ná gur cuireadh i gcló é san iris Fáinne an Lae.

Is mar seo a chuir an t-Athair Pádraig Breathnach síos ar Sheóirse sa mbliain 1913: Ó Bhéal Átha 'n Ghaorthaidh isea Seóirse. Níl áit in Éirinn go bhfuil Gaoluinn níosa bhfearr aige sna daoinibh ná san áit 'n ar rugadh é. Tá Seóirse ina Uachtarán ar Choiste Cheanntair Learpholl. Tá an Ghaoluinn go líofa ar a theangain aige

Mo chreach is mo chás 'sé an bás a thagann go trom,
Nuair a leagtar ar lár an chara gur mhaith linn bheith buan,
Ní le fearaibh, le mnaibh ná le buachaillíbh ' bhaineann mo dhán,
Ach le láirín dro'-mhianaigh ar a nglaodís An Capaillín Bán.

In Uíbh Laoghaire na nGaortha 'sea a chaith sise a saol,
Níor fhás sí puinn riamh mar ba dhual di ó gach taobh dá gaol,
Gidh gur mó mala coirce is mine a dh' ith sí go slan,
Is fíor bheag dá chomhartha a bhí ar chroiceann a' Chapaillín Bháin.

Do bhí cáil na n-ocht nduine chliste i gceann a' láirín,
D' aithneófadh sí an deifir a bhí idir dro' cheól is ceól binn,
Ar filleadh ó Mhagh Chromtha abhaile buail suas amhrán,
'S ní bhéarfadh gaoth anoir nú aneas ar a' gCapaillín mBán.

Bhí súil leí imithe gan aon choinne go bhfilleadh go deó,
Do bhí sí ar leath-shúil, gan dúil le sonas na só,
Ach dá ghéire radharc Cyclops nú an seabhac ar lorg préachán,
Is suarach ab fhiú iad seachas súilín a' Chapaillín Bháin.

A cosa níor láidir cé gur tháinig buidéal ón dochtúir,
Chomh cam cnapanach gan dásacht, gan deiseacht, gan lúth,
Is cuimhin liom-sa lá ná roibh slán ach an t-aon chos amháin,
Is ba ghioballach fánach an láir í, an Capallín Bán.

Fé dheireadh thiar thall do b' fhonn le hAthair na nGrás,
A theachtaire dúbhach a chuir chúchi le scéala 'n bháis,
Do cuireadh go galánta an láir bhocht: sin deireadh mo dháin,
Is síocháin is sólás go bhfaighidh anam a' Chapaillín Bháin.

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr