Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

Seán Ó Duibhir a' Ghleanna

Baochas leis
An Músgraíoch

Éistíg liom-sa sealadh go neosadh díbh cé 'r cailleadh.
Gur b' é Seán Ó Duibhir a' Ghleanna
Gan trácht ar a chéim.
Go bhfuil a choin 's a ghadhair 's a chapaill
Go doimhin fé chré 's fé chartadh,
'S nach fios cár ghoibh an t-anam
Bhí in árus a chléibh.
Gur cladhaire an bás a thagann
Go ciúin, gan chaint 'na theangan,
Ar nós na taoide leathan
I gcuantaibh a scéithean.
Ach ó tá sé in am dúinn freagairt
Bíodh garda Dé 'n ár n-aice
A thógfaidh saor an t-anam
Go h-árus na Naomh.

Céad glóire leis an Athar
Nár mhór le ra a ainm.
Tá go comhachtach ins na flaithis
Le trácht ar an saol.
Do chúm 's do chloidh na hAingil
Go lonnrach, soillseach, lasmhar
Gan smúit, gan cheó, gan pheaca,
Gan teimheal mar an ngréin.
Do riaraigh spéir is scamaill
Chuir solus árd sa ngealaigh
Na réilthín chughainn a' taithneamh
Gach oíche ins an speir.
Do líon gach abha 'gus caise
Le slaodaibh tiubha len' fheartaibh
San mhór mhuir bhruchtach fhairsing
Ó lán dá chuid éisc.

Céad glóir 'rís len ainm
Go síorraí buan le seasamh
Do thuill 's do fuair an ceannas
An chlú cheart 's an réim
Do líon gach coill ee crannaibh
Go buacach, bláthmhar, daite
'S na h-éin go binn a' cantainn
Ar a ngéagaibh go léir
Dá luighead le rá na beacha
Do thug dóibh slí deas beatha,
Gur chughaigh de údair ghasta
É d' fhoghlaim ins an léann,
Nuair a bhíonn an ghríain a' taithneamh
Go gcnósaid a gcuid meala,
Mar stór i gcómhair a chaite
San Geimhreadh le céill.

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr