Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

An Buachaillín Bán

Údar
Éamonn Ó Donnchadha (Éamonn a' Chnuic)
Baochas leis
An Músgraíoch

Do rugadh i gCarraig na bhFear Éamonn agus do chúm sé mórán amhrán.

Tá mo chroí go tlath lag 's i lár mo chuid saothair
Tagann lán-tocht im chléibh-se cé ná mhéinn liom a rá.
Tá an díbirt in ann dom ó bhán bheannaibh Éireann.
Is fánach mo shaol-sa 's is déarach mo chás.
Is cuimhin liom an tráth úd a ghrá ghil na n-ae 'stigh,
Thugas grá searc is géilleadh dod chaomh ruisc thar chách.
A Rí ghil na n-árann do b' fhearr liom go n-éagfhainn
I láthair mo ghaoltha 's mo Bhuachaillín Bháin.

Tá críoch Ínis Fáilbhe go lán fad' i ndaorbhruid,
Go cráite 's go céasta i ngéibhinn na neamhad.
Nú an fíor nach foláir duit go brách ' bheith go daorach
A oileáinín bhig mhaordha na naomh is na mbárd?
Ó, guím-se go h-árd ar an Árd Athair naofa
Chun ár agus léirscrios do dheineamh ar Shean,
Do dhíbir na táinte thar sáile na gcéadta,
'S chuir fáin orm féin óm Bhuachaillín Bhán

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr