Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

An Ghamhnach

Baochas leis
An Músgraíoch

Lá 's me i nDroichead Bandan ar aonach ceart na Samhna,
Is mise ' bhí san am san gan angar ná gá.
Do cheannaíos blúire ' ghamhnaigh ó fhear aneas ón gceantar
'S ní bhfuaras riamh ar cheann í ar cheannraigh ná ar bhráid.

Do bhailíos liom anall í go dtánamair thar Bandain.
Do chuireas-sa mo ghamhnach i gabhlaigh ' bhí gan scáth.
Bhí ceól is rinnce 's damhs' ann, 's do shuíomair síos 'na dteannta,
Agus ba gheairid dúinn go rabhas-sa gan mheabhair seal mar chách.

Nuair a bhíos-sa féin chun gluaiseacht ní roibh sí 'gam ná a tuairisc,
Agus duart-sa lem bhuachaill mo ghamhnaichín a fháil,
Bligeárdaí na tuaithe dá rá gurb in í suas í,
'Sé deirfidís de thrua dhíom "A' bhfuarais í, a Sheáin?"

Níor fhágas cnoc ná gleann ná ao' bhall go roibh m' amhras,
Cumarcha, abhann tuile gleannta ná stall
Gan cuardach seal dom ghamhnach agus blúire ní roibh ann di,
Agus a Dhia nárbh mhór an clampar a bhí gealltha do Sheán.

'S níor fhágas cnoic ná sleibhte, ná bóithre cúnga caola,
I bhfad amach óm ghaoltha chun a tuairisce d' fháil.
'Sé a deirfidís le chéile "Ní aithnímíd tú in ao' chor.
Cé acu fear a chuaigh ar strae thu, nú réice bocht fáin?"

D' ínseas páirt dem scéal dóibh, is an chuid ba mhó den éitheach,
Gurbh fhear a chuaigh le céird me, um shaor ghlan gan cháim.
Go rabhas a' dul go Béara mar is ann do bhí mo station,
Sara ngearrfaidís na géinigh an t-éadach dem chnámha.

Níor crádh riamh an croí 'nam gur ghabhas trí Ínse Geimhleach,
Na cailíní san oíche um chíoradh 'gus um chrá.
Do stracadar mo bhríste, dhein rud nár mhaith liom ínsint,
Agus a n-úllórdaí bhí cíortha, is mo chrann-sa ' bhí ar lár.

Do leagas bean, do shíneas, is bean eile a bhí taoibh lé,
Siúd an cluiche tímpeall is nárbh aoibhinn é ár gcás?
Ach an bhean do strac mo bhríste is mo gheallasaí gur scaoil sí,
Mura bhfuair sí siúd an sceimhle, ní fíor pioc ó Sheán.

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr