Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

An Brianach Óg

Baochas leis
An Músgraíoch

Níl aon pháirt den Mhumhain ina roibh an Ghaoluinn beo ná go roibh an t-amhrán so le fail trí fichid bliain ó shin. Dáltha roinnt eile sean-amhrán ní roibh An Brianach Óg i dtúrtaoibh le haon fhonn amháin. Luaitear, ar a luighead, trí shaghas foinn leis. Ní fheadramair cérbh é an t-údar do chuir an Brianach i dtreo sa bhfilíocht ach os rud é go bhfuil Áth na gCeannaithe sa chúrsa aige measaimíd go mb' fhéidir gur Músgraíoch é. Níl Áth na gCeannaithe ró-fhada ó Magh Chromtha. Ba m'nic an t-amhrán so le clos ó Sheán de hÓra, an t-amhránaí sean-nósach, cáiliúil ó Chorca Dhuibhne.

Lá breá gréine is me a' dul ar aonach,
A' ceannach béabhair den fhaisean nua,
'Sea, do ch'nuc an spéirbhean is í 'na haonar.
Do labhair sí Béarla is ba dhi dob eól.
A riúin 's a lao liom suí síos taobh liom,
Sidí an daor-phuins is beam á hól
Is go deimhin, mas féidir ár gcol do réiteach
Go mbeir mar chéile ag an mBrianach Óg.

'S a chailín, sásta liom má thánn tú,
Sín do lámh chúm is tabhair dhom póg
Agus téanam láithreach go dtí an tAthair Pádraig
In inneoin ár gcáirde is a maireann beo.
Thall sa tsráid ' beidh an pósadh breá againn,
Beidh fíon is jarman a' teacht ar bord.
Na céadta sárfhear ag ól ár sláinte
Is go n-éirí 'n lá leis an mBrianach Óg.

Do gheall mo mháthair do gheall sí stát dom,
Céad sa rátha agus machaí bó.
Fóraíor cráite ní roibh so i ndán dom
Agus d'fhág san Máirín a' sileadh deor.
Dá bhfaighinn an stát úd do raghainn sa Bhlárnainn,
A' ceannach lárach dhom mhíle stór,
Fuip naoi bhfáinne is í ' thabhairt im láimh dheis
Agus iallait álainn don Bhrianach Óg.

Lá breá aoibhinn 's me fhéin is mo bhuíonach,
I dtáirne 'n fhíona 'ár suí ag ól.
Do tháinig im thímpall an triúr policemen
Agus barántas scríte go cruinn im chómhair.
Do phreabas im shuí suas den léim ab aoirde,
Mó chána ' bhí agam go cruinn im dhóid.
Bhuaileas flíp ar an té ba ghroí acu
Agus do dhin san slí suas don Bhrianach Óg.

Lá breá súgach i dtáirne 'n Bhúrcaigh,
Is mise 's mo riúnach i rúm ag ól.
'Sea, tháinig chúm-sa scéala thar trúcha,
Na céadta púnt leis an gcúileann óg.
A ghrá 's a rúnaigh, ná din mé ' dhiúlthadh
Ach téanam liúm-sa go Corcaigh mhuar,
Mar a mbeam go súgach seal fén súsa,
Go n-éirídh siúd linn, a Bhrianaigh Óig.

Chuireas-sa mo theachtaire le fórsaí daingeana,
Go hÁth na gCeannaithe is go Béal a' Chóibh,
Mar a mbíonn an faraire a' rás la capaillibh,
Gach aon lá margaidh agus maidean fhómhair.
Bíonn tiarnaí Shasana ann, is iarlaí Alaban,
An captaen ceannasach is a lúng ar seol.
Na bráithre beannaithe do léann an tAifreann
Agus siúd é seanachas ar an mBrianach Óg.

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr