Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

An Dreoilín

Baochas leis
An Músgraíoch

Níl aon ghaol idir an dreoilín áirithe seo a's an créatúr mí-ámharach ina gcuireann lucht na gcoláistí samhraidh an oiread soin suime.

Dreoilín a fuaras-sa thíos ar an ínse,
Fé bhráid carraige 's carabhat síod' air,
Do thugas-sa chúibh-se é a lanú 'n tí seo
'Gus gura seacht fearr um an dtaca so arís sibh.

Dreoilín a thugas-sa chút-sa a Dhiarmuid,
Ní mar dhúil i lionn ná iarsma
Ach mar dhúil sa tsúgradh d'iarraidh
Do bhíodh 'n ár ndúthaigh lá cinn bhliana.

Dreoilín a thugas-sa chút-sa a Shiobhán,
Ní mar dhúil i lionn ná 'n arán
Ach mar dhúil sa tsúgradh ' chimeád
Bhíodh 'nár ndúthaigh Lá 'le Stiofáin.

Dreoilín a fuaras-sa i gcarn cloch,
'Gus ar neoin cár bhfearr é ' fháil i dtor?
Do chaitheas-sa mo mhaide leis is bhriseas a chos;
Éirigh id shuí a bhean a' tí is líon chúinn deoch.

Is muar an trua an dreoilín i mbarra 'n chnoic,
An bháisteach sa tárr air, an síon is an sioc,
Ag imeacht ar na bántaibh, a chosa do bhí geárrtha
Agus bríste gan bhásta air 's is fuar é a dhriuch.

D'imigh an dreoilín anonn thar muir,

Ó lúib na carraige uainn de rith
Is mó duine a' faire air ó Luan go Satharn,
Gan ball ná baile aige ach scáth an tuir.

Dreoilín óir an dreoilín,
'S beidh ór i bpóca an dreoilín;
Dreolín airgid fé bhínn fhallainge
Agus Mac a' Bhanba an Dreoilín.

Féachaíg 's do gheobha' sibh Dreoilín glic
A thiocfaidh le fórsaibh aniar 's anoir.
Cuirtear an chiúrach arís 'n ár gciúnn
Agus ólfaimíd-na sláinte 'n tsár-fhir ghlic.

'S beidh ór fós ag an ndreoilín,
'S beidh ór i stór ag an ndreoilín,
'S beidh ór ar a chóta is ór ar a bhróga
'Gus fíon dá ól 'na sheomraí gil.

Is árd é an dreoilín i mbarra 'n tuir.
Is mear is is seoltha a bheidh a shliocht,
A' dul go tigh an ósta 's an joga muar lán romhainn,
'Gus ólfaimíd-ne sláinte 'n tsár-fhir iniubh.

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr