Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

An Cailín Aerach

Údar
Pead Buí (Pádraig) Ó Loinsigh (?)
Baochas leis
An Músgraíoch

Deirtear gurb é Pead Buí nú Pádraig Ó Loinsigh a scríbh so. Cé gur i gCiarraí a chaith sé fromhór a shaeil, is ar Cúil, i mbarra Ghort na Tiobratan i mBaile Mhúirne, a rugadh é. Ceoltóir a b' ea é a sheinneadh an phíb agus an fheadóg mhuar agus bhíodh sé le fiscint coitianta ar fuaid na dúithí in aon áit go mbíodh cibeal ar siúl. Deirtear go roibh sé i gcumas daoine a leigheas, leis, agus go bhféadfadh sé an ruaig a chuir ar theinneas fiacaile agus seó gearánta nách é lena órdóig.

Ar maidin Dé Domhnaigh roim Aifreann d'éisteacht,
Bhí cuideachta shúgach i dtigh Neilí Héaly,
Bhí na búird á mbualadh is an t-ól á ghlaoch ann,
Bhí sí ann is níor ól sí braon de.

Curfá: Fal do deal do deigh ró, fal do deal do dé ró,
Fal do deigh dileigh dí dileigh dí dé ró,
Fal do deal do deigh ró, fal do deal do dé ró,
Fal do deigh dileigh dí dileigh dilí dil é ró.

Curfá:

Nuair a thánag-sa abhaile ón Aifreann d'éisteacht,
Do shiúlaíos ina haice siúd a' g'bháil leathscéil léi,
Ach do tháinig bean a' tí 'steach is ba chuma nú an chaor í,
Is do dhibir sí gan mhoill uaim an Cailín Aerach.

Curfá:

Is a Mháire Ní Thuama ná din me a dhaoradh,
Má bhíonn go muar leis an gCailín Aerach,
An canna ' bhí cúrach, ní ólfadh braon de,
'S dá siúlfainn léi an Ruachtach geallaim nár bhaol di.

Curfá:

Dá bhficfinn go brách í ar sráid nú ar aonach,
Bheadh canna agus cárt im láimh i n-aonacht.
Ní thógfainn-se páirt 'na náire ná a daoradh
Mar do rinncfeadh sí ar chlár liom ar áilleacht Éireann.

Cúrfá:

Agus comhairle a bheirim-se do chailíní óga,
Gan ' bheith amu' go déanach i gcuideachta na n-óig-fhear,
Ach teacht abhaile go luath um thráthnóna
Nú mura ndinid gurb é an allait an bóthar.

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr