Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

Raghad-sa is mo Chití a' Válcaeireacht

Baochas leis
An Músgraíoch

Is coitíanta go n-airítear an t-amhrán Muimhneach so i gCorca Dhuibhne nú i Músgraí Uí Fhloinn, agus is m'nic a bhíodh sé le clos ó Sheán de hÓra. Do tógadh síos ar dtúis é i gCíll Mhaol Céadair, láimh leis an nDaingean, sa mbliain 1901.

Ó raghad-sa 's mo Chití a' válcaeireacht amach trí sna sléi'te ó thuaidh,
Nú ar oileáinín mara 'n ár n-aonar mar a dtéann na héin chun suain.
Do shínfinn síos mo thaobh leat, is id ghaor ní léigfinn aon fhuacht,
Agus d' fhanfainn ansúd id aeireacht, go gcuirfinn mo lao chun suain.

An t-é go mbíonn ba aige 'gus caoire is seascair a bhíonn 's is suairc.
Féna charabhat síoda a's a hata breá díonmhar buan.
Fóraíor, ní mar sin a bhím-se, 'siad m' oscala a bhíonn go fuar,
Is is ainnis an fear ag mnaoi me gan faic ar mo bhaill ón bhfuacht.

A's a Chití, nách náireach mar scéal doit, má imíonn tú in ao' chor uaim,
A's do gheallais don sagart ná déanfá mo mhalairt go raghainn 'on uaigh,
Ó cuireadh bocht, dealbh sa tsaol me 's mo charaid go léir fé chruaich,
'S a Dhia! Go gtógair chughat féin me ó d'imigh mo chéad shearc uaim.

Ciach ar an sagart so phós me nár fhág me i dtreo na mban,
A' suí ' dteannta cailíní óga, ag ithe 's ag ól 'na measc.
Sin trí ní do dhubhaigh is do bhreoigh mé, me ' cheangal go hóg le réic,
Nár fhág me a' crucadh na móna nú a' seoladh na mbó thar lear.

Tá sioc agus sneachta ar na sléi'te, is mise liom féin a' siúl,
A' feachaint cá bhficinn mo speirbhean ' bhí bachalach, glégeal, fionn,
Ba ghile ar a com í ná Véineas a's ba bhinne ar a béal í na 'n fhliúit,
A's dá bhficfinn mo chumann 'na haonar do thabharfainn do léim í liúm.

Is eol dom coite do dhéanamh, a's muileann do ghléas ar linn,
Báid agus loingeas 'á réir sin, a's a gcaitheamh ón gcé ar a dtuinn;
Do scríobhfainn leabhar Laidne nú Gaelainn chomh cliste le h-aon mhac rí
A's thar cailíní deasa na hÉireann 's í Cití Ní Néill mo bhuidhean.

A's raghad-sa ón Daingean amáireach, a's ní mhiste le cách mo shiúl,
Níl ór buí agam ná pláta, a's ar uisce ní shnámhfainn mo long;
Níl éinní eile le rá liom ach farraige a's fán om chionn,
A's go mb' fhearra liom ainnir chiúin mhanla ná bean a's na táinte púnt.

Ceannó' mé bheist agus bríste do mhairfidh le saol na bhfear,
A's ní bhfearrfadh an fhéasóg díom choiche go bhfásaidh se míle ar fhaid;
Scaoilfeadh ar sileadh liom síos í mar lomra ar chaoire ghlas,
A's mara bhfaighead-sa bean ins an tír seo imeo' mé síos amach.

Fearthainn a's díth agus léir ort ná fanann uaim féinig síos,
Gan teacht ar an mbaile seo in ao' chor a' mealladh mo spéirbhean ghrinn;
Ba dheas í a mala ró-néata, a's mar a mheasaim a taobh deas síos,
A's nach muar an damant doit féinig a bheith á mealladh uaim féin le draoiacht.

' Sé súlach na heornan do b' fheárr liom, sé ' thógann an ceo dem chroí,
Brannda beirithe is pórtar, is siúicre - muarán - tríd;
Cailín beag deas a bheith láimh liom go leogfainn mo lámh ar a píp
A's dá mbeinn-se ag ól go dtí amáireach ní leogfadh mo ghrá dhom díol.

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr