Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Amhráin

Pages: Innéacs | An Pup | R. Chnoc Mná Dhuibhe | An Ghabhanach | Buachaillín Bán | S Ó D a' Ghleanna | Capaillín Bán | Turacail Pheige | Hide & go Seek | Joga Muar | Na Táilliúirí | Scoil B. Duínse | Spailpín Fánach | Raghad. is mo Chití | Cailín Aerach | An Dreoilín | Bríanach Óg

Na Táilliúirí

Baochas leis
An Músgraíoch

Domhnall Ó Mulláin, Screathan, do chúm

Tráthnóna Dé Satharainn, 's me 'stigh i dtigh óil,
Sa chúinne go seascair is piúnt os mo chómhair.
Do tháinig chúm gasra 's do luíodar ar ól,
A' díol is a' glaoch ar na cártaibh.

Cúrfá

Snáithidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdála ' bhí ' bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na gince is Táiliúr na gcrúb
Agus Táiliúr na buile ó Chíll Áirne.

Bhí duine 'cu 'r leathbhuile is duine 'cu óg,
Is duine ba shine ná mise go muar.
Do luíodar ar aighneas nuair a dhruid chútha 'n t-ól,
Féachaint cioca dob oilthe mar tháilliúr.

Cúrfá

Do labhair an fear críonna, ' sé an toise chóireodh,
Dá bhficfeadh sé duine ' siúl roimis sa ród,
Go gcuirfeadh c'luith air ó smigín go bróg
Gan furca ná féithleog ar fháithim.

Cúrfá

Ní gearánta dhuit a dhuine do labhair an fear óg,
Ach ag táilliúirí oilthe níl meas ar do shórd.
Mara bhficfinn ag an gcúinne don duine ach a chló
Chuirfinn c'luith air don bhfaisean is déanaí.

Cúrfá

Do labhair an fear buile, is fuinneamh 'na ghlór.
Éistíg! ar seisean, ná labharaig níos mó.
Mara bhficfinn ach an cúinne 'nar ghoibh ar fear óg
Chuirfinn c'luith air a sheasódh go bás é!

Cúrfá

Sarar rith liom-sa an ghloine ' bhí 'gam-sa a ól
Do bhuail an fear buile le pleannc an fear óg.
Gloiní ' dul 'na mbloghtracha, a' titim den mbórd
Is tiománadh ar buile 'n fear táirne.

Cúrfá

D' éiríos um sheasamh chun réitigh, ar ndóin
Ach dá mhéid mo chuid saothair, bhíos lán d' fhuil shrón.
Ciceanna teanna ' bhí ag éirí dom thóin
Is bhí mo luirgne stracaithe is gearrtha.

Cúrfá

Léim go: Baile | Ceann déarnach | Céad cheann eile | Barr